Fáilte go Scoil Náisiúnta Ghort a’ Choirce! Glac tamall anois ar suíomh scoile s’againn, ag cur aithne orainn agus ar an scoil! Tá súil againn go mbainfidh tú tairbhe as.
Is bunscoil lán-Ghaeilge í SN Ghort a’ Choirce arb í an Ghaeilge teanga teagaisc, ghnó agus chumarsáide na scoile. Is í an Ghaeilge an teanga teagaisc i ngach ábhar seachas an Béarla. Is í an Ghaelge an teanga chaidrimh idir na múinteoirí, idir achan ball foirne agus idir na daltaí i gcónaí. Tá de dhualgas ar na daltaí an Ghaeilge a labhairt lena chéile sa scoil, sa chlós, i dtimpeallacht na scoile, agus ar imeachtaí scoile oifigiúla taobh amuigh de láthair na scoile. Tá sé de dhualgas ar na tuismitheoirí riail na Gaeilge seo a mhíniú dá páiste agus tacú leis.
Lá Fhéile Pádraig 2025!
Rinne na páistí sár-obair le haghaidh Lá Fhéile Pádraig i mbliaina. Rinne siad ealaín álainn agus caith siad éadaí glasa chun ceiliúradh a dhéanamh ar an lá. Bhain achan duine an sult as lá glas i mbliaina!
Obair dhian sna hArdranganna!
Bhí obair thar a bheith dhian ar siúl sna hardranganna le cúpla mí anuas. Dhírigh siad isteach ar neart rudaí éagsúil. Bhí siad ag diriú ar domhantarraingt in Eolaíocht leis an múinteoir Rachel. Rinne siad tionscnaimh ar an Astráil agus cur siad i láthair iad ag tionóil na seachtaine. Bhí siad i mbun léir mór ealaín galánta don carghas, lá na máithreacha agus an Cháisc. Coinnigh oraibh a pháistí !
Lá Fhéile Bríde 2024
Bhí muid thar a bheith gnóthach ar scoil ag déanamh réidh do lá fhéile Bríde. Chuir muid cuireadh amach chuig an pobail scoile agus tháinig scaifte iontach isteach chugainn le cuidiú linn crosóga Bríde a dhéanamh.
D’fhoghlaim muid faoi scéal Bhríd agus an tábhacht a bhaineann léi. D’fhoghlaim muid uaidh na cuairteoirí a bhí againn na nósanna agus traidisiún a bhí ann san am atá thart fosta.
Bhí am ar dóigh againn agus d’éirigh linn léir mór crosóga a dhéanamh!