Teachtaireacht ón bPríomhoide:
Fáilte is céad go suíomh gréasáin SN Ghort a’ Choirce.
Tá súil agam go gcabhróidh do chuairt leat léargas éigin a fháil ar shaol na scoile.
Is Caitliceach é ár n-éiteas agus táimid cuimsitheach ar fad beag beann ar chúlra, reiligiún nó cumas. Is san atmaisféar seo a chothaítear fás spioradálta, morálta, intleachtúil, sóisialta agus fisiceach ár gcuid mac léinn. Táimid lonnaithe ar príomhshráid Ghort a’ Choirce agus faoi láthair tá 30 páiste cláraithe sa scoil. Tá sé d’aidhm againn anseo sa scoil, an pobail Gaelach a chur chun cinn agus an eispearais foghlamtha is fearr a sholáthar do na páistí a bhfreastlaíonn ar ár scoil. Tá foireann thar a bheith tiomanta againn anseo agus theastaíonn uathu agus uaidh achan duine bainte leis an scoil, atmaisféar foghlamtha dearfach agus sabháilte a chruthú d’achan páiste a thrasnaíonn an doras.
Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as brabhsáil trí na leathanaigh ar ár suíomh gréasáin.
Má tá ceist agat ar aon ghné dár saol scoile, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn.
Le gach dea-ghuí,
Patricia Uí hArlaigh.