Rinne na páistí sár-obair le haghaidh Lá Fhéile Pádraig i mbliaina. Rinne siad ealaín álainn agus caith siad éadaí glasa chun ceiliúradh a dhéanamh ar an lá. Bhain achan duine an sult as lá glas i mbliaina!
Bhí obair thar a bheith dhian ar siúl sna hardranganna le cúpla mí anuas. Dhírigh siad isteach ar neart rudaí éagsúil. Bhí siad ag diriú ar domhantarraingt in Eolaíocht leis an múinteoir Rachel. Rinne siad tionscnaimh ar an Astráil agus cur siad i láthair iad ag tionóil na seachtaine. Bhí siad i mbun léir mór ealaín galánta don carghas, lá na máithreacha agus an Cháisc. Coinnigh oraibh a pháistí !
Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil anseo i nGort a’ Choirce. Eagraíodh léir mór imeachtaí iontacha le linn an féile, idir damhsa, ceoil, seó tallainne, amhránaíocht agus picnic glas! Bhain muid ar fad sult agus spraoi as agus as ucht tacú go mór leis an nGaeilge! Bhí am ar dóigh againn. #SnaG24
Bhí muid thar a bheith gnóthach ar scoil ag déanamh réidh do lá fhéile Bríde. Chuir muid cuireadh amach chuig an pobail scoile agus tháinig scaifte iontach isteach chugainn le cuidiú linn crosóga Bríde a dhéanamh.
D’fhoghlaim muid faoi scéal Bhríd agus an tábhacht a bhaineann léi. D’fhoghlaim muid uaidh na cuairteoirí a bhí againn na nósanna agus traidisiún a bhí ann san am atá thart fosta.
Bhí am ar dóigh againn agus d’éirigh linn léir mór crosóga a dhéanamh!