Fáilte go Scoil Náisiúnta Ghort a’ Choirce! Glac tamall anois ar suíomh scoile s’againn, ag cur aithne orainn agus ar an scoil! Tá súil againn go mbainfidh tú tairbhe as. 

Is bunscoil lán-Ghaeilge í SN Ghort a’ Choirce arb í an Ghaeilge teanga teagaisc, ghnó agus chumarsáide na scoile.  Is í an Ghaeilge an teanga teagaisc i ngach ábhar seachas an Béarla. Is í an Ghaelge an teanga chaidrimh idir na múinteoirí, idir achan ball foirne agus idir na daltaí i gcónaí.  Tá de dhualgas ar na daltaí an Ghaeilge a labhairt lena chéile sa scoil, sa chlós, i dtimpeallacht na scoile, agus ar imeachtaí scoile oifigiúla taobh amuigh de láthair na scoile.  Tá sé de dhualgas ar na tuismitheoirí riail na Gaeilge seo a mhíniú dá páiste agus tacú leis.