Tógadh an scoil i 1929 ar thalamh na paróiste in aice le teach an tsagairt. Foirgneamh ceithre sheomra a bhí ann le áit tine i ngach seomra. Bhí foirgneamh le leithris thíos ar chúl na scoile.
Sa bhliain 1987, cuireadh córas teasa ola isteach sa scoil agus cuireadh dromchla coincréit ar an chlós thíos ar chúl na scoile. Cuireadh dromchla táir ar an chlós tosaigh.
Ansin, sa bhliain 1993, cuireadh bail ar an scoil. Líonadh isteach na simléir agus cuireadh éadach urláir úr isteach sa scoil. Cuireadh bail ar dhíon na scoile fosta.
Anuas ar sin, sa bhliain 2001, cuireadh foirgneamh réamhthógtha ar shuíomh na scoile le freastal ar an líon breise daltaí agus an cúigear múinteoirí ranga. Bhí seomra ranga, seomra foirne/oifig agus leithris san fhoirgneamh úr.
Sa bhliain 2013 ansin, tógadh seomra ranga úr thíos ar thaobh na scoile. Rinneadh seomra ranga amháin den dá sheomra ar an dtaobh thiar den scoil agus rinneadh seomra ranga níos mó as an seomra ar an dtaobh thoir den scoil. Rinneadh seomra acmhainne ar thosacht na scoile. Tógadh oifig in áit ar ghnáth le leithris na ngasúraí a bheith.